← An Choileach agus Ceaircín an Tiuc-Tiuc 🔊
← Bhí coileach agus ceaircín an tiuc-tiuc ag cartadh ar thaobh an bhothair. 🔊
← Chaith duine eicint cloch leo, agus buaileadh ar an gcoileach í. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" a deir an coileach. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" a deir an coileach. 🔊
← "Déan sin", arsa an coileach, agus d'imgh siad leo gur casadh lacha orthu. 🔊
← "Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" arsa an coileach. 🔊
← "Déan sin", arsa an coileach, agus ar aghaidh leo nó gur casadh sionnach orthu. 🔊
← "Mo dhá cluais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, i mbun mo ghiodán a buaileadh mé, agus dá mba cloch é, bheadh mé maraithe" a deir an coileach. 🔊
← Isteach leo i bpúirín beag, agus chuir siad síos tine. 🔊
← Chuir siad a dtóin leis an tine, agus phléasc an lacha. 🔊
← Chuir siad a dtóin leis an tine arís, agus nuair nár éirigh an timpiste chéanna d'aon cheann eile acu, bhain an sionnach greim beag ar thóin na gé agus phléasc sí. 🔊
← "Níl ár ndóthain ite againne go fóill", arsa an coileach, "ach téigh isteach go fóill beag thú féin, agus beidh muide isteach i do dhiaidh". 🔊
← Chuaigh an sionnach isteach, agus nuair a fuair an coileach agus an cheaircín imithe isteach é, d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad féin leo go dtí a dtír féin arís. 🔊